Childcare Services Dail Éireann — 2025-06-17 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá dúshlán breise ag pobal na Gaeltachta toisc go dteastaíonn uainn ár dteanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Is baolach gurb amhlaidh go bhfuil níos lú roghanna againn dá bharr sin. Ní féidir taisteal chomh fada agus níl an rogha céanna ann. Tá muintir Ré na nDoirí ag lorg ionad cúram leanaí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine tar éis scoile. Tá muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh tar éis a bheith ag streachailt le heaspa foirgnimh ar feadh i bhfad, Tá gá le hionad cúram leanaí i mBaile Bhuirne chomh maith. An féidir a chinntiú go mbeidh tacaíocht chuí ar fáil do thuismitheoirí sna pobail seo? Gaeltacht communities have a particular and added difficulty in ensuring facilities are available through Irish. Can the appropriate support be provided to parents in Béal Átha an Ghaorthaidh, where they have struggled with a building recently? Families in Ré na nDoirí have plans to develop an after-school facility, which is needed in Baile Bhuirne as well. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:55+00:00 Sitting date: 2025-06-17