An tOrd Gnó (Atógáil) - Order of Business (Resumed) Seanad Éireann — 2025-09-30 ============================================================ Evanne Ní Chuilinn (FG), Nominated by the Taoiseach Bhí sé iontach an tacaíocht ar fad maidir leis an nGaeilge agus an chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge a chloisteáil mar is é sin atá ar intinn agam a phlé tráthnóna. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an éiginnteacht atá ann go fóill mar gheall ar sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4. In 2022, ghlac an Rialtas le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh "ceannas neamhspleách eagarthóireachta" ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fail dá lucht féachana, rud a luaigh an Seanadóir Flynn cúpla nóiméad ó shin. Faoi láthair, is RTÉ a chuireann “Nuacht TG4” agus “Seacht Lá” ar fáil do TG4. Mar thoradh air sin, áfach, níl sé de cheart ag iriseoirí nó léiritheoirí nuachta scéal úr nó nua a bhriseadh ar TG4, go dtí go bhfuil sé briste nó craolta ar RTÉ. Anuas air sin, níl sé de cheart ag Nuacht TG4 cúntas Instagram, X nó TikTok a bhunú, rud atá an-aisteach do dhaonolathas na tíre seo. I mo bharúil, tá sé de cheart ag pobal labhartha na Gaeilge a chuid nuacht a fháil trí mheán na Gaeilge, agus is cosúil gur sin a dúirt an moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán trí bliana ó shin. Cén fáth mar sin go bhfuil moill ar an bpróiséas neamhspleáchas? Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor, nach bhfuil aon dul chun chinn déanta ón uair sin. Rud amháin eile atá ag cur isteach orm maidir le seo ná go bhfuil stop curtha leis an bpróiseas earcaíochta do cheannaire nuachta agus cursaí reatha TG4. Fógraíodh an post i mí na Bealtaine seo caite nuair a tháinig Deirdre Ní Choistín i gcomharbacht ar Alan Esslemont mar ardstiúrthóir an stáisiúin. De réir tuairiscí anois, tá stop curtha leis an bpróiséas sin agus ní fios cén fáth. A cheannaire, tá an spéis chéanna i gcúrsaí nuachta ag lucht féachana na Gaeilge is atá ag lucht féachana an Bhéarla. Braitheann daonlathas láidir ar sheirbhís nuachta cruinn, agus tá sé de dhualgas orainn san Oireachtas an cheist a chur ar an Roinn, ar RTÉ agus ar Choimisiúin na Meán cén fáth nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le seo ó 2022 ar aghaidh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2025-09-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:09+00:00 Sitting date: 2025-09-30