An tOrd Gnó - Order of Business Seanad Éireann — 2025-10-07 ============================================================ Evanne Ní Chuilinn (FG), Nominated by the Taoiseach D'ardaigh mé rud éigin an tseachtain seo caite mar gheall ar mhaoiniú ar son TG4 ionas go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta aige ina sheomra nuachta agus sna cláir nuachta a chuireann sé ar fáil. Fáiltím roimh an mhaoiniú sa bhuiséad inniu ón Roinn a chiallaíonn go mbeidh €65.4 milliún ar fáil do TG4, lena n-áirítear méadú €5.4 milliún, chun ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán, cláir do pháistí agus seirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú. Níl na mionsonraí againn go fóill, ach mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, níl cead ag TG4 na meáin shóisialta a úsáid. Níl cead aige cuntais a bheith acu, cuntais Instagram, X agus TikTok ina measc. Tá súil agam go dtiocfaidh an neamhspleáchas leis an maoiniú seo. Fáiltím roimh an maoiniú agus is féidir linn fanacht ar na sonraí ar fad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2025-10-07/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:11+00:00 Sitting date: 2025-10-07