Schools Building Projects Dail Éireann — 2025-10-15 ============================================================ Tom Brabazon (FF), Dublin Bay North Tá scoláirí, tuistí, oidí agus an pobal máguaird gar do Ghaelcholáiste Reachrann ag fanacht ar bhuanfhoirgneamh le 24 bliain anuas. Tháinig an t-Aire amach chun na scoile i mí an Mheithimh agus fágadh gach duine leis an tuairim go mbeadh foirgneamh na scoile ag dul amach le haghaidh tairiscintí an mhí seo caite. In ainneoin ceisteanna parlaiminte, táimid ar fad ag fáil na freagraí ceannann céanna. Cut and paste atá ann mar a dúirt an Teachta Sherlock níos luaithe. Is léir ó na freagraí nach bhfuil a fhios ag éinne cathain a bheidh an conradh á chur amach le haghaidh tairiscintí. Tá freagraí uainn. Táimid ar fad, mar phobal, dearg le fearg. Níl sé seo maith go leor agus tá dul chun cinn ag teastáil go práinneach. Chun a bheith macánta, tá cic sa tóin tuillte go maith ag an Roinn as ucht na moille thar tréimhse blianta fada. Níl aon spás do a thuilleadh moille. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:13+00:00 Sitting date: 2025-10-15