Oideachas Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ John Connolly (FF), Galway West Cuirim ceist ar an Aire faoi na hiarrachtaí ar siúl ag an Roinn chun cur le líon agus raon na gcúrsaí trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do mhic léinn sa chóras ardoideachais. Is léir nach bhfuil mórán acu ann. Níl faoi láthair ach 1,779 mac léinn i mbun staidéir i nGaeilge amháin, agus tá formhór na mac léinn sin ag déanamh staidéar ar Ghaeilge mar ábhar é féin. Is beag deis atá ag mic léinn staidéar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16