Forbairt na Gaeilge Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Dar ndóigh, fáiltím roimh aon airgead breise a chaithfear ar thograí Gaeilge. D’fháiltigh mé roimhe seo nuair a tugadh an gealltanas sa national development plan, nó an plean forbartha náisiúnta, go gcaithfí an t-airgead seo. Is í an cheist ná cén fáth a bhfuil athrá á dhéanamh, amhail gur stuif nua iad seo? Is rudaí iad a bhí geallta cheana féin, go háirithe na trí thogra atá luaite ag an Aire. Ní fhaca mé fós aon bhriseadh síos den airgead caipitil atá á chur ar leataobh. Cá mhéad den sciar sin a chaithfear ar an ionad cultúir ar Shráid Fhearchair, ar Choláiste Lurgan agus ar an gcé, dar ndóigh, atá le hathtógáil, nó a ndéanfar athstruchtúrú uirthi? An cheist ansin ná cad atá fágtha d’Údarás na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16