Forbairt na Gaeilge Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá sé deacair ag an bpointe seo sonraí don breakdown sin a thabhairt don Teachta. Beimid in ann sonraí faoi Ché Inis Oírr a thabhairt dó ach táimid fós ag obair leis an OPW ar Shráid Fhearchair. Tá an OPW in éineacht linn. Táimid ag lorg tender le haghaidh cúrsaí in Indreabhán. Beidh na sonraí agam tar éis an phróisis sin. Tá dúshlán mór ann d’aon tógálaí faoi láthair mar gheall ar chostais. Bhí sé sin soiléir san obair a rinneamar ar Ché Inis Oírr. Tugadh airgead caipitil breise don údarás agus le haghaidh gnáthchúrsaí. Tá mé ag cur béim ar chúrsaí digiteacha le haghaidh an údaráis freisin le go mbeidh sé in ann deiseanna digiteacha a bhaint amach do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeidh siad réidh le haghaidh na dúshláin atá ann sa bhealach atá cúrsaí digiteacha ag dul. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16