Forbairt na Gaeilge Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim nach bhfuil an tAire ag iarraidh méid an sciar a chraobhscaoileadh ag an staid seo má tá tenders ar siúl nó a leithéid, ach más €54 milliún de chaipiteal atá i gceist san iomlán, cé mhéad de sin a bhéas fágtha d’Údarás na Gaeltachta tar éis an trí togra eile? Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil a fhios againn cé mhéad atá ag dul nó a bhéas ag dul d’Inis Oírr. Faoin staid seo, ba chóir go mbeadh tuairim éigin ann maidir leis an méid den sciar a bhéas ag dul ar 6 Sráid Fhearchair mar bhí sé sin tuartha nuair a tosaíodh an project ar an gcéad dul síos. Tuaradh é nuair a bhí an plean forbartha náisiúnta á phlé agus an rud ceannann céanna faoi Choláiste Lurgan. Tá tuairim ann cheana féin faoin gcostas mar ní bheadh an figiúr anseo ach amháin go bhfuil an briseadh síos sin ag an Aire agus gur lorg sé méid áirithe do gach ceann de na tograí sin. Tá briseadh síos ag teastáil ionas gur féidir linn fios a bheith againn cé mhéad airgead caipitil atá ar fáil sa bhreis ar an méid don trí togra sin agus an mbeidh sé ar fáil don údarás. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16