Forbairt na Gaeilge Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá méadú difriúil le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tá €2.5 milliún i gceist, lena n-áirítear méadú €1 milliún ar leithdháileadh caipitil le haghaidh an údaráis leis féin. Tá obair eile le déanamh le airgead caipitil sa Ghaeltacht freisin. Tá tograí nach bhfuil chomh mór leis na tograí atá sa phlean forbartha náisiúnta. Tá an ghnáthobair a dhéanaimid gach bliain maidir le cúrsaí Gaeltachta agus na cumainn spóirt ag teacht as sin. Tá mé sásta a rá go bhfanfaidh mé i dteagmháil leis an Teachta agus leis an gcomhchoiste mar gheall ar sonraí an trí togra sin. Tá siad thar a bheith tábhachtach agus beimid ag cóiméad súil ghéar orthu chun go mbeidh siad ag fanacht faoi bhun an bhuiséid atá acu. I ngach cás, tá sé deacair ag an bpointe seo a bheith cinnte cén saghas caiteachas a bheidh i gceist in 2026 ach beidh na sonraí sin agam i mí Eanáir nó mí Feabhra 2026 agus fillfidh mé ar an Teachta ansin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16