Irish Language Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Peadar Tóibín (AON), Meath West I slí amháin, tá an ceart ag an Aire. Tá dea-scéalta ann anseo agus ansiúd ach, nuair a fheiceann tú an pictiúr iomlán, tá fadhbanna móra ann. Tá an tAire ag caint faoi airgead. Ba mhaith liom maoiniú an Arts Council a chur i gcomparáid leis an airgead a théann go dtí an Ghaeilge. Thar na blianta, mhéadaigh an t-airgead a théann go dtí an Arts Council go mór ach níor choiméadadh an Ghaeilge ar an gcéim chéanna leis. Má chuireann tú Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le Fiontar Éireann ná an IDA, feicfidh tú go bhfaigheann siadsan go leor airgid cé nach bhfaigheann an t-údarás ach giota beag airgid. Maidir le cúrsaí oideachais, tá sé dochreidte go bhfuil an líon páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ag titim. Tá 25% de thuismitheoirí ag iarraidh a gcuid páistí a sheoladh go dtí Gaelscoil ach níl ach 5% ag freastal orthu. Tá an Stát ag cur brú ar thuismitheoirí agus páistí dul isteach i scoileanna lán-Bhéarla. Tá an t-éileamh ann ach níl an Rialtas ag cur an tsoláthair ar fáil. Tá sé sin dochreidte. Tá 25% de thuismitheoirí ag iarraidh Gaelscolaíocht le haghaidh a gcuid páistí ach tá an Stát ag cur áiteanna scoile ar fáil do 5%. Nach bhfuil an locht ar an Rialtas mar gheall ar an bhfadhb sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16