Irish Language Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Peadar Tóibín (AON), Meath West Tá an chuid is mó de na naíonraí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Bhéarla ag an mbomaite. Tá sé sin dochreidte. Nuair a théann páistí go dtí an chéad chéim, bíonn brú orthu an Béarla a labhairt. Mar gheall ar an rud is tábhachtaí, tá titim ar an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais bliain i ndiaidh bliana. Is teip ollmhór ó thaobh an Rialtais é sin. Tá clanna atá ag iarraidh a chuid páistí a thógáil sa Ghaeltacht ag iarraidh teach a bheith acu sa Ghaeltacht ach níl siad ann. Tá an feachtas BÁNÚ atá ag gearán, mar is ceart, nach bhfuil tithe le fáil sa Ghaeltacht. Luaigh mé an plean a bhí agam le Ráth Chairn cheana. Tá go leor daoine san Uaimh, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Cliath ag iarraidh a chuid páistí a thógáil i nGaeilge. Dá mbeadh eastát tithíochta istigh i Ráth Chairn, bheadh siad sásta bogadh ann. Ciallódh sé sin go mbeadh níos mó tithe saor le fáil sna bailte eile. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag déanamh iarrachta an eastát tithíochta sin a thógáil. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil éileamh amuigh sa phobal mar gheall ar an nGaeltacht ach tá baic fós ann agus níl an Rialtas ag déileáil leo mar is cuí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16