Irish Language Dail Éireann — 2025-10-16 ============================================================ Ruairí Ó Murchú (SF), Louth Tá muid ag caint faoi chúrsaí Gaeltachta. Bhí fadhb ann roimhe seo idir an Roinn oideachais agus Roinn na Gaeltachta. Bhí imní ar na príomhoidí, na múinteoirí agus na páistí nach mbeadh siad in ann freastal ar chúrsaí sna Gaeltachtaí. Déantar é seo le blianta anuas i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste. Téann páistí ó scoileanna i nDún Dealgan ann. Bhí fadhb ann. Is dócha nach bhfuil an fhadhb ann fós, ach táim ag iarraidh é sin a fháil amach agus a chinntiú go bhfuil an t-airgead ansin chun é seo a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:14+00:00 Sitting date: 2025-10-16