An tOrd Gnó - Order of Business Seanad Éireann — 2025-11-18 ============================================================ Garret Kelleher (FG), Industrial and Commercial Panel I dtosach báire, déanaim mo chomhbhrón leis na teaghlaigh ar fad a bhí bainteach leis an tubaiste uafásach a bhí againn i gContae Lú. Chomh maith le cuid mhór Seanadóirí eile, tugaim ómós dár gcomhghleacaí an Teachta Paschal Donohoe atá ag éirí as a phost mar Aire Airgeadais. Is duine cumasach tuisceanach cineálta é Paschal. Is duine é atá an-stuama ó thaobh chúrsaí airgeadais de. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh an t-airgead againn an t-am ar fad nuair a bhí sé ag teastáil, cosúil leis an bpaindéim a bhí againn agus an saghas sin ruda. Gúim gach rath air ina phost nua mar stiúrthóir bainistíochta an Bhainc Dhomhanda. Níl aon amhras orm ach go n-éireoidh go geal leis in Washington. Is mian liom an méid sin a rá. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2025-11-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:19+00:00 Sitting date: 2025-11-18