Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2025-11-27 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Bhí sé geallta go dtabharfaí cumhachtaí nua d’Údarás na Gaeltachta. Bhí sé geallta ó 2021 go bhfoilseofaí treoirlínte pleanála do thithe sa Ghaeltacht chomh maith. Dúradh linn ag an am go raibh na treoirlínte sin beagnach réidh, ach fós níl siad ann. Níl ceachtar de na gealltanais sin comhlíonta agus tá muintir na Gaeltachta thíos leis dá bharr gan tithíocht do lánúineacha nó clainne nua. Cén fáth ar gá dúinn fanacht go dtí 2027 ar ráiteas náisiúnta phleanáil Ghaeltachta? Cén uair a bheas Céim na Tuarascála don Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 againn? An mbeidh cumhachtaí breise aige maidir le ceist na tithíochta sna Gaeltachtaí? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-11-27/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:23+00:00 Sitting date: 2025-11-27