Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2020-11-19 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Mar a bhí mé ag rá ag deireadh mo chéad cheist, tá an scéim pobal Gaeilge in iomaíocht le, mar shampla, obair fhoclóireachta. Tá beagáinín níos mó airgid ag dul i dtreo foclóirí nua - tá ceann nua ann ach tá ceann eile le teacht - ná i dtreo na scéime sin. Ní cóir go mbeadh sé sin mar atá. Ba chóir go mbeadh an t-airgead ar fáil. Níl lánfhoireann ag Foras na Gaeilge fiú. Faoi láthair, tá 56 ag obair d'Fhoras na Gaeilge ach tá cead aige 71 a bheith aige. Ní féidir leis an líon sin a ardú mar níl an t-airgead aige. Má chaitheann sé airgead ar fhoireann bhreise, tiocfaidh an t-airgead sin as airgead gur chóir é a bheith caite ar na ceanneagrais. Beidh an iomaíocht sin ann gan airgead breise. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó ann ná mar atá. Tuigim an cóimheas idir an t-airgead ó Thuaidh agus ó Dheas. Tuigim na fadhbanna a bhí ann ach tá bealaí timpeall orthu sin. Is féidir tograí aonuaire a mhaoiniú mar a tharla le scéim na leabhar Gaeilge a luaigh an tAire Stáit féin. Sa Tuaisceart, cuireann an Tionól airgead i dtreo scéimeanna áirithe chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-11-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:48+00:00 Sitting date: 2020-11-19