Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2020-11-19 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo a ardú. Tá a fhios agam gur ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist ag cruinniú dá choiste le déanaí. Chuireamar feabhas ar an mbuiséad don bhliain seo chugainn. Tá maoiniú breise curtha ar fáil sa bhuiséad. Tá sé sin an-tábhachtach. Mar Rialtas, táimid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don scéim pobal Gaeilge, do na líonraí Gaeilge agus do na bailte seirbhíse Gaeltachta. Tá súil agam go mbeadh réiteach ann d'Fhoras na Gaeilge le gairid. Bhí réamhchruinnithe comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge i gcomhair le Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael leis na páirtithe leasmhara siar in 2019. Eagraíodh réamhchruinniú eile i mí Feabhra na bliana seo ar d'fhreastail suas le 80 duine air. Pléadh moltaí sa cháipéis chomhairliúcháin a bhí eisithe ag an bhforas leis na páirtithe eile ag an gcruinniú sin. Tá sé an-tábhachtach a rá, mar a dúirt mé, go bhfuil maoiniú suntasach breise de €1.779 milliún a bhí ceadaithe ag an Rialtas sa bhuiséad i gcomhair na hoibre sin agus i gcomhair comhoibrithe Thuaidh-Theas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-11-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:48+00:00 Sitting date: 2020-11-19