Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, tá cumhachtaí ar leith ag an Aire. An bhfuil sé sásta na cumhachtaí sin a úsáid? An bhfuil sé tar éis a bheith i dteagmháil leis an Aire tithíochta chun go mbeidh sé ar an eolas faoi na cumhachtaí seo agus gur féidir leis an Aire deontais ar leith a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04