Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is é an fáth gur luaigh mé Acht na dTithe (Gaeltachta) ná go n-aithníonn an chuid is mó de dhaoine gur cás ar leith í an Ghaeltacht, cé go bhfuil an chuid eile den tír i ngéarchéim thithíochta freisin. Muna bhfuil tithe ar fáil do lánúineacha agus daoine áitiúla chun cónaí iontu, ní bheidh an Ghaeltacht ann amach anseo agus ní féidir rud mar sin a atógáil in aon bhealach ceart. In 2009, tugadh €2 milliún i ndeontais faoin Acht seo. Tá sé ann agus is féidir é a dhéanamh. Dá réir, is féidir ceist eisceachtúil a dhéanamh den Ghaeilge agus cuidiú le lánúineacha atá ag triail le tithe a fháil. Ní féidir leo tithe a fháil mar níl siad ar díol. B'fhéidir go bhfuil siad á ligean ar Airbnb. Tá cás ar leith anseo. Is é seo an bealach chun infheistíocht a dhéanamh go tapa. Aithním an méid atá ag tarlú ach tá sé ag tarlú go an-mhall. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04