Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Beimid ar ais ag an mBille go luath san earrach. Roimh an mBille sin, tá mé ag obair leis an údarás. Níl mé i mo shuí ansin. Tá mé ag obair chun go mbeidh tuiscint idir mé féin agus an t-údarás faoi stádas pleanála na talún atá aige i ngach chuid den Ghaeltacht. Níl aon fhadhb agam cumhachtaí a thabhairt don údarás don talamh atá aige ag an bpointe seo ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid céard é stádas na talún sin ag an bpointe seo agus cén athruithe atá déanta. Níl aon phointe cumhacht a thabhairt don údarás murar féidir leis an chumhacht sin a úsáid mar gheall ar chúrsaí pleanála nó aon rialachán a bheidh ar an talamh sin. Táim sásta é sin a phlé leis an Teachta Ó Snodaigh nó leis an Teachta McGuinness i rith mí Eanáir chun go mbeidh tuiscint ar an sórt treo ina bhfuilimid ag dul. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04