Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Barry Heneghan (IND), Dublin Bay North Ní raibh mé ag an gcruinniú sin; bhí mé ag cruinniú eile. Táim fíorbhuíoch as an €2 milliún sin d’Fhoras na Gaeilge. Bhí mé ag caint le hionadaithe aréir nuair a chuir an tAire an fógra amach. Gabhaim buíochas leis as sin. Agus muid ag caint mar gheall ar an nGaeilge agus Foras na Gaeilge, ba mhaith liom ceist eile atá ag goilliúint ar phobal mo dháilcheantar a ardú. B'fhéidir nach bhfuil an tAire in ann caint faoi. Tá mé ag caint faoi deighilt a dhéanamh idir an bhéalscrúdú agus ceist na gramadaí. Tá go leor daoine i mBaile Átha Cliath atá líofa sa Ghaeilge nach bhfuil in ann aon rud a chur ar pháipéar. An bhfuil éinne sa Roinn oideachais ag smaoineamh mar gheall ar an nGaeilge mar ábhar scoile a roinnt idir an bhéalscrúdú agus an ghramadach? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04