Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Fad is atáimid ag caint faoi, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Gaeilge ag gach duine sa tír seo. Ba cheart go mbeimid in ann í a úsáid gan ghearán. Tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid gan daoine a bheith ag magadh fúthu. Tá sí againn. Ba cheart go dtabharfadh daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu seans do dhaoine nach bhfuil chomh líofa céanna a gcuid Gaeilge a úsáid agus a labhairt. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid béim ar an nGaeilge ó bhéal. Is é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil cúrsaí ag éirí chomh láidir i dtaca leis an nGaeilge anois. Anseo i mBaile Átha Cliath tá Gaeilge 365 againn, ar bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar sprioc ag an gclár iontach seo cabhrú leis na húdaráis áitiúla seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Guím gach rath ar Gaeilge 365. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04