Irish Language Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Barry Heneghan (IND), Dublin Bay North Gabhaim buíochas as sin. Is infheistíocht an-mhór é €4 milliún. Táim fíorbhuíoch as sin. Tá an tAire ag cur go leor airgid i mBaile Átha Cliath thuaidh so tá sé iontach é sin a fheiscint. Is iarmhac léinn mé de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí mé ann dhá bhliain ó shin. Tá sé iontach. Bhí mé sa Chumann Gaelach ann. Tá mé fíorbhuíoch as sin. Mar a dúirt an tAire, tá mic léinn a thagann go Baile Átha Cliath ó gach tír in ann an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé sin iontach a fheiceáil. Táim fíorbhuíoch as sin. Gabhaim míle buíochas le mo constituency colleague, Deputy Ó Muirí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04