Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá a fhios agam go bhfuil an tAire an-dáiríre agus tiomanta mar gheall ar an gceist áirithe seo. Tá an plean tithíochta a nochtaigh an tAire tithíochta cúpla seachtaine ó shin lag ina iomlán ach tá sé thar a bheith lag i dtaobh cúrsaí Gaeltachta ach go háirithe. Ba mhaith liom rud éigin a chur ar an taifead anseo. Tá dhá píosa talún sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise, ceann amháin gur leis Údarás na Gaeltachta í agus ceann eile gur cheannaigh an chomhairle áitiúil le tamall anuas. Tá na seirbhísí uisce timpeall orthu. Chun a cead a thabhairt d’Uisce Éireann, tá infheistíocht an-mhór curtha isteach aici sa Rinn le cúpla bliain anuas. Tá córas iomlán séarachais nua timpeall air seo agus tá cosáin. An rud atá in easnamh ná toil pholaitiúil ón Rialtas seo chun dul i ngleic leis seo agus tithe a thógáil. Tá an t-údarás áitiúil tar éis iarratas a chur isteach sa Sean Phobal, an dara leathpharóiste i nGaeltacht na nDéise, i gcomhair tithíocht shóisialta. Tá sé sin fós leis an Roinn, cúig bliana i ndiaidh don iarratas dul isteach. Is í sin an fhadhb atá ann i dtaobh an ghéarchéim tithíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04