An Garda Síochána Dail Éireann — 2025-12-04 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Leis an dá shruth gur tháinig isteach anuraidh, bhí 245 duine a tháinig tríd an sruth Gaeilge i mí Feabhra agus 128 tríd an sruth Gaeilge san fhómhar. Is léir go bhfuil laghdú ann i líon na ndaoine atá ag teacht tríd an sruth Gaeilge. Cad iad na hiarrachtaí faoi leith atá á ndéanamh chun Gaeilgeoirí a mhealladh isteach tríd an sruth Gaeilge agus chun neartú a dhéanamh ar an líon Gaeilgeoirí laistigh den chóras? Tá a fhios agam go bhfuil iarrachtaí faoi leith á ndéanamh le fógraíocht, ach an bhfuil aon rud breise á dhéanamh? An féidir céimeanna breise a thógáil do na chéad sruthanna nó ghrúpaí eile a bheidh á bhfógairt? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-12-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:25+00:00 Sitting date: 2025-12-04