Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Tá an Roinn ar an eolas faoi chás cúirte a tógadh i rith na bliana anuraidh, inar tarraingíodh ar ghnéithe bainteach le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla mar chuid de. Mar a luadh roimhe seo, bhí mo Roinn ag feidhmiú i gcónaí de réir comhairle dlí a bhí faighte ar an ábhar roimhe seo, ach mar bheart taca sa bhreis agus chun aon amhras a sheachaint sa tréimhse idir aisghairm na scéimeanna teanga agus teacht i bhfeidhm na gcaighdeán teanga, tá leasú molta ábhartha ar an Acht sin áirithe sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024. Ó tharla nach bhfuil an Bille sin achtaithe go fóill, scríobh an Roinn chuig gach comhlacht poiblí i mí na Nollag 2024 le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí Gaeilge atá á soláthar acu le linn na hidirthréimhse seo. Leagann an tAcht leasaithe amach nach féidir le caighdeáin teanga leibhéal níos lú seirbhíse trí Ghaeilge a fhorordú ná mar a bhí geallta roimhe seo faoi scéim teanga nó eile. Chuige sin, tá athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na scéimeanna teanga reatha go léir mar chuid den obair dhréachtaithe ar na caighdeáin teanga, atá ag teacht chun críche anois. Áirítear roinnt gníomhartha bainteach le nithe a fhorordú trí na caighdeáin teanga sa phlean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a sheol mé le déanaí, chomh maith leis na bearta atá le tacú le comhlachtaí poiblí agus iad á gcur i bhfeidhm. Agus an plean sin foilsithe anois, tá sé i gceist tús a chur leis an gcomhairliúchán ar na dréacht-chaighdeáin go luath trí na meicníochtaí aitheanta faoin Acht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05