Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Is léir ón bhfreagra go raibh comhairle dlí i gceist agus gur aithin an Roinn go raibh fadhb bhunúsach ann. Gealladh dúinn nuair a bhí muid ag déanamh plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na caighdeáin ann sar i bhfad. Ó thaobh an dlí de, ba chóir go mbeadh siad ann roimh dheireadh 2024. Tá na scéimeanna teanga as ord. Ní ann dóibh. Tá sé seafóideach agus áiféiseach a bheith ag brath orthu. Táthar ag brath ar dhea-thoil nó treoir ón Aire do na comhlachtaí poiblí gur chóir dóibh rud éigin a dhéanamh nach bhfuil go hiomlán dleathach má théitear de réir an méid atá ráite ag breitheamh na hArd-Chúirte. An príomhcheist ná cén uair a mbeidh feidhm dhlíthiúil ag na caighdeáin. Tá an tAire díreach tar éis a rá go dtosóidh comhairliúchán. Ní hamháin nach bhfuil siad foilsithe, in ainneoin gur gealladh dúinn go mbeadh siad foilsithe laistigh de thrí mhí, ach tá an tAire anois ag caint faoi chomhairliúchán. Mar sin, ní bheidh siad i bhfeidhm, de réir cosúlachtaí, roimh dheireadh na bliana seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05