Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá an-obair idir lámha ag mo Roinn ó achtaíodh an tAcht ar dhréachtú na gcaighdeáin teanga. Sa mhéid seo, táimid ag tabhairt aird ar chúrsaí níos luaithe go sonrach san Acht atá le háireamh, nithe atá le foghlaim ó thaithí na Breataine Bige, áit ina bhfuil córas ag feidhmiú go héifeachtach anois agus ar thóg sé roinnt ama an chéad dréacht a aontú. Tá an plean gníomhaíochta foilsithe anois. Tá sé i gceist tús a chur leis an gcomhairliúchán ar an dréacht ach tá an t-uafás oibre tar éis dul isteach sa dréacht sin agus beidh a lán sonraí ann. Bhí cruinniú leis na hoifigigh sa Roinn atá ag déileáil leis na dréachtaí an tseachtain seo caite. Tá muinín agam go bhfuilimid réidh le dul ar aghaidh go dtí an comhairliúchán sin chomh luath agus is féidir. Beidh mé ag cur brú go mbeidh sé déanta go tapa. Cé go bhfuil an dréacht agus na caighdeáin chomh tábhachtach, tá sé tábhachtach freisin go mbeidh am ag daoine iad a phlé. Tuigim an gá atá ann dóibh. Is rud an-tábhachtach dom é go mbeidh siad foilsithe. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh muid in ann caint le daoine fúthu agus aon bhuairt a bhíonn ar dhaoine faoin ndréacht a thuiscint. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05