Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Táimid beagnach réidh lena lán leasaithe a thabhairt chun tosaigh le haghaidh Bhille an údaráis. Tá leasú air seo mar cheann de na leasaithe sin. Tá mé ag plé an Bhille leis an bPríomh-Aoire chun é a thabhairt chun deiridh agus os comhair na Dála chomh luath agus is féidir. Beidh leasú ann faoin ndúshlán seo. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid ar aghaidh leis an obair ar na caighdeáin agus go bhfuil muid in ann na dréacht-chaighdeáin a phlé. Táimid dírithe ar an obair sin - ní hamháin na leasaithe - freisin. Beidh na leasaithe ag teacht os comhair na Dála agus an tSeanaid chomh luath agus is féidir nuair atá deis agam iad a phlé leis an bPríomh-Aoire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05