Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá sé iontach níos mó daoine a chloisteáil ag caint mar gheall ar ghéarchéim thithíochta na Gaeltachta. Is maith an rud é sin. Baineann an cheist atá agam le naíonraí. Tá an-chuid daoine ag éileamh anois ar shaol trí Ghaeilge, mar shampla ar oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí, laistigh den Ghaeltacht ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. An srian atá i gceist anseo ná srian caipitil chun foirgnimh a thógaint agus spás a chruthú do pháistí atá ag freastal ar naíonraí fud fad na tíre. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05