Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin. Mar is eol dó, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tumoideachas agus an deis do dhaoine óga freastal ar oideachas d'ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ó aois an-óg, ó dhá bhliain agus naoi mí nó trí bliana suas go dtí an coláiste nó ollscoil, más maith leo. Is rud an-tábhachtach é sin agus tosaíonn sé i gcónaí leis an naíonra. Is dócha go bhfuil naíonraí mar bhunchloch an oideachais sin. Nuair a théann páistí isteach sa naíonra, b'fhéidir go gcloiseann siad an Ghaeilge ó pháistí eile don chéad uair agus foghlaimíonn siad scileanna sóisialta agus píosa neamhspleáchais. Tá sé an-tábhachtach go dtarlaíonn sé sin trí mheán na Gaeilge. Mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil naíonraí ar fáil. Táim ag smaoineamh ar dhá bhaile i mo thoghcheantar féin: Trá Mhór in oirthear Phort Láirge agus Dún Garbhán in iarthar Phort Láirge. I dTrá Mhór, tá Naíonra Philib Barún taobh le scoil náisiúnta Gaeilge. Níl spás ceart acu. Tá siad istigh in dhá prefab. Tá suíomh ceannaithe ag an naíonra agus táthar ag iarraidh áit a thógáil. Táim ag smaoineamh ar Naíonra Gharbháin chomh maith, atá sa riocht céanna. Tá an-éileamh ag teacht ar an naíonra áirithe sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05