Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím go mór leis an Teachta. Tá sé tábhachtach. Nuair a thosaíonn an turas Gaeilge ag aois óg cosúil leis sin, bíonn turas iontach ag an bpáiste on réamhscoil go dtí an bhunscoil, an mheánscoil agus an coláiste. Is iontach an rud é sin. Mar a dúirt mé, tá an t-airgead agus na scéimeanna ann. B'fhéidir go mbeidh plé againn maidir leis an dá scoil sin. Beimid in ann tacaíocht a thabhairt dóibh, go háirithe agus iad díreach in aice leis an mbunscoil. Is é an rud is fearr do thuismitheoirí go mbeadh an naíonra agus an bunscoil san áit céanna agus an Ghaeilge in úsáid sa dá háit. Táim sásta an dá scoil sin a phlé leis an Teachta agus obair a dhéanamh ionas go mbeimid in ann dul ar aghaidh. B'fhéidir go mbeimid in ann obair a dhéanamh leis an Aire, an Teachta Foley, freisin, faoin scéim Building Blocks. B'fhéidir go mbeidh meascán airgid agus infheistíochta ann. Aontaím go mór leis an Teachta faoin turas Gaeilge. Má thosaíonn sé ag aois óg, mairfidh sé don saol. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05