Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Bheadh sé iontach dul chun cinn a dhéanamh maidir le Naíonra Philib Barún agus Naíonra Gharbháin. Ba bhreá liom cruinniú a dhéanamh leo, leis an Aire agus lena oifigigh chun é sin a phlé. Más féidir linn, ba mhaith an rud é obair a dhéanamh leis an Aire, an Teachta Foley, chomh maith chun an maoiniú caipitil sin a chur ar fáil dóibh. Tá na suímh acu, ach is éard atá ag teastáil uathu anois ná píosa airgid chun dul ar aghaidh agus foirgnimh a thógáil ar na suímh sin ionas go mbeidh spás mar ba cheart ag na páistí atá fós ag feitheamh ar spásanna sna naíonraí sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05