Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Beidh mé lánsásta na tograí tábhachtacha sin sna naíonraí a phlé faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Má chuireann an Teachta ríomhphost chugam, beimid in ann é sin a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an infheistíocht seo ag dul go dtí na naíonraí. Tá infheistíocht bhreise le dul isteach i mbliana go dtí na naíonraí agus go dtí an obair atá á dhéanamh ag tuismitheoirí na Gaeilge. Mar gheall go bhfuil an t-airgead is mó sa Roinn againn le blianta, beimid in ann infheistíocht a dhéanamh sna naíonraí, sna scoileanna agus i gcúrsaí óige freisin. Beidh mé ag déanamh togra mór amárach faoi ionad óige mór faoi phlean caipitil na Roinne. Mar a dúirt mé leis an Teachta Hearne, tá an infheistíocht seo thar a bheith tábhachtach chun rud bunúsach a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ionas go bhfuil an deis acu ní hamháin tithe a fháil ach scoileanna, oideachas, cúrsaí cultúir agus ealaíon a fháil sa Ghaeltacht agus ceiliúradh a dhéanamh air sin sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05