Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím go mór leis an Teachta agus gabhaim buíochas leis as ucht na ceiste faoin tábhacht a bhaineann le tithíocht sa Ghaeltacht. Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. É sin ráite, is é príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta ná a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail i gceantair Ghaeltachta agus go gcaomhnófar í do na glúnta atá le teacht. Chuige sin, cuireann an t-údarás maoiniú ar fáil do raon leathan tionscnamh forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta. Tacaíonn an eagraíocht chomh maith le gníomhaíochtaí straitéiseacha a bhaineann le forbairt teanga, cultúir agus pobail. Is fiú a thabhairt faoi deara, mar sin, gur ról tánaisteach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta ag oibriú leis na geallsealbhóirí cuí maidir le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht. Tá punann suntasach réadmhaoine ar fud na Gaeltachta á bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus tá bonneagar fuíolluisce ar láithreacha éagsúla mar chuid de sin. Mar a leagtar amach i bplean tithíochta an Rialtais, tá deiseanna ann don údarás comhoibriú le húdaráis áitiúla ábhartha chun leas a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana féin trí chur chuige straitéiseach plean-bhunaithe ar mhaithe le freastal ar riachtanais tithíochta i bpobail na Gaeltachta. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach an údaráis chun é seo a phlé agus tuigim ón chruinniú sin go bhfuil plé ar bun leis na húdaráis áitiúla agus an deis ann oibriú le hUisce Éireann chun tairbhe a bhaint as an mbonneagar reatha sin. Tá mé ag cur cruinnithe le chéile idir an údarás agus Uisce Éireann chun na deiseanna seo a phlé. Cé go bhfuil ganntanas cóiríochta cónaithe sa Ghaeltacht, tá ceann de na rátaí folúntais is airde sa tír le feiceáil inti freisin. Chun dul i ngleic leis seo, tá comhordaitheoir tiomnaithe tithe folmha Gaeltachta ceaptha le déanaí, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus maoinithe ag an údarás, chun cabhrú le pobail aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna folúntais agus rochtain ar dheontais éagsúla de chuid an Stáit a éascú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05