Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ John Connolly (FF), Galway West Glacaim gur ról tánaisteach atá ag an údarás ach mar a dúirt an tAire, tá ról suntasach aige i saol na Gaeltachta. Tá sé ag déanamh oibre maithe le blianta fada. Glacaim leis chomh maith nach bhfuil sé éasca d’eagraíocht nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí aici ar chúrsaí tithíochta tús a chur leis an dualgas sin, go háirithe gan an fhoireann. Glacaim leis go bhfuil sé ráite ag an Aire anois go bhfuil duine fostaithe ag an údarás chun oibriú sa réimse seo, agus gabhaim buíochas as sin. Ceapaim go bhfuil an duine sin lonnaithe i gContae Mhaigh Eo. Is tús maith é sin. Chomh maith leis seo, cuirim fáilte go raibh cruinniú ag an Aire leis an bpríomhfheidhmeannach agus go bhfuil an tAire ag eagrú cruinnithe eile idir an t-údarás agus Uisce Éireann. Molaim don Aire gur cheart do dhuine ón Roinn tithíochta, nó duine ó na comhairlí contae áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta acu ina limistéir, a bheith ag an gcruinniú sin chomh maith, cosúil le hoifigeach ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae Chiarraí nó Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, mar shampla. Tá ról acu, mar a dúirt an tAire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05