Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Bhí cruinniú iontach agam le príomhfheidhmeannach an údaráis agus phléigh muid na sites go léir atá aige. B’fhéidir go mbeidh muid in ann iad a réiteach le haghaidh tithíochta agus gach duine a fháil ar na tograí sin sa Ghaeltacht. Pléifidh muid é sin. Is maith an tuairim í go mbeidh duine ó na húdaráis áitiúla i láthair freisin. Tá mé ag obair leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, chun go mbeidh muid in ann an ráiteas tithíochta Gaeltachta a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Tá mé fós ag oibriú air sin. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta acu ina limistéir agus beidh cruinniú eile agam leo. Tá mé ag díriú isteach ar an ndúshlán seo. Tá sé tábhachtach dom. Caithfidh mé oibriú leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, freisin. Ní bhaineann an dúshlán seo le Roinn na Gaeltachta amháin; is dúshlán é do Roinn na tithíochta freisin. Tá muinín agam go bhfuil sí ag leagan amach na ndeiseanna chun an dúshlán mór seo a réiteach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05