Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ John Connolly (FF), Galway West Tugann sé muinín do mhuintir na Gaeltachta a chloisteáil go bhfuil an méid sin déanta againn go dtí seo. Glacaim leis gur tús é ach is maith an rud é go bhfuil an tAire ag labhairt leis na daoine tábhachtacha sin, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta, an Roinn tithíochta agus na húdaráis áitiúla, chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Tá mé dóchasach anois, tar éis an mhéid atá ráite ag an Aire, go mbeidh dul chun cinn againn air seo i mbliana, chomh maith le foilsiú na dtreoirlínte, rud atá thar a bheith tábhachtach. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn ag oibriú ar na treoirlínte tuaithe chomh maith agus, b’fhéidir, ba cheart an dá ceann acu a chur le chéile agus an dá chóip treoirlínte sin a fhoilsiú le chéile, mar téann siad le lámh a chéile. Is fadhb í an tithíocht ar fud na tíre ach is í an Ghaeltacht an t-aon áit sa tír ina bhfuil tionchar díreach aici ar ár dteanga féin, ar thodhchaí na teanga agus ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga pobail. Más rud é nach bhfuil tithe ar fáil sa Ghaeltacht, ní féidir le daoine cur fúthu inti agus bíonn an baol ann go mbogfaidh siad go ceantair ina bhfuil an Béarla mar ghnáththeanga. Is mór an gá agus fainic atá air seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05