Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-02-05 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá an t-uafás oibre le déanamh air seo. Tá sé in am tógáil, ach tá muid ag déanamh na hoibre. Ba bhreá liom go ndéanfaí athrú níos tapúla, ach tá muid ag déanamh na hoibre agus tá muid ag tabhairt na gcéimeanna go gcaithfidh muid a thabhairt ag an bpointe seo. Tá mé fós ag coinneáil brú agus ag déanamh na hoibre. Beidh mé i gcruinniú le príomhfheidhmeannach an údaráis amárach agus oibreoidh mé leis. Tá muid chun labhairt le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla freisin. Mar a luaigh an Teachta, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann daoine go bhfuil ról le haghaidh na Roinne tithíochta anseo. Tá mé ag oibriú go dlúth leis an Aire tithíochta faoi seo i gcomhthéacs na ndúshlán tithíochta le haghaidh na tíre ar fad ach tá sé thar a bheith tábhachtach an dúshlán atá roimh mhuintir na Gaeltachta agus clann na Gaeltachta maidir le tithíocht a thuiscint chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:36+00:00 Sitting date: 2026-02-05