Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2026-02-18 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Beidh an tAire Stáit, an Teachta Dooley, i nGaillimh Dé hAoine. Beidh sé ag bualadh agus ag déileáil leis na grúpaí áirithe ann. Tá a fhios againn go bhfuil daoine imníoch faoin cheist seo. Gan amhras, tá an reachtaíocht agus an dlí ann. Tá fonn orainn cearta chosmhuintir na háite agus na dúiche sin a chosaint chomh fada agus is féidir linn. Caithfidh muid é a dhéanamh i gceart, áfach. Is áis nádúrtha tábhachtach í an fheamainn. Caithfidh muid éagsúlacht na háite a chur san áireamh, mar aon leis na nithe eile ar ghá machnamh a dhéanamh orthu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:39+00:00 Sitting date: 2026-02-18