Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions Dail Éireann — 2026-02-24 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Ar dtús báire, ní aontaím in aon chor leis an Teachta. Ag déanamh áiféise atá sí. Má fheicimid ar an scéal ó 2021 amach, tá an uimhir SNAs sa chóras agus sna scoileanna ar fud na tíre ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá an méid infheistíocht ag méadú chomh maith, bliain i ndiaidh bliana. Is léir, maidir leis an Rialtas a bhí againn roimh an olltoghchán agus an Rialtas atá againn anois, is é an meon atá againn ná i bhfad níos mó infheistíocht a chur isteach do leanaí le riachtanais speisialta. Sin bun agus barr pholasaithe agus aidhmeanna an Rialtais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:40+00:00 Sitting date: 2026-02-24