Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá Seachtain na Gaeilge ag tosú níos luaithe gach bliain. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le Cléireach an tSeanaid as an gcuireadh a bheith anseo anocht. Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ceithre bliana ó shin, tá mo Roinn ag obair go dícheallach chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go rathúil é ar fud na seirbhíse poiblí. Bunaíodh an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge faoin Acht i mí an Mheithimh 2022 chun cur chuige comhordaithe a stiúradh maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta, go príomha trí phlean náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú, mar aon le pleananna gníomhaíochta tacaíochta chun na bearta sonracha intomhaiste a ghlacfar idir seo agus 2030 a leagan amach, go háirithe príomhchuspóir an Achta, is é sin, go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Foilsíodh na pleananna sin i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus i mí Eanáir 2026 faoi seach, agus tá béim curtha agam ar a dtábhacht do chomhghleacaithe Rialtais chun ár gcuspóirí comhroinnte a bhaint amach thar na cúig bliana atá romhainn. Tá an tacaíocht trasrannach agus an leibhéal dea-thola atá faighte ag mo chuid oifigeach le linn an phróisis seo thar a bheith dearfach. Léiríonn sé sin an fonn atá ann ar fud na seirbhíse poiblí i leith chur i bhfeidhm an Achta agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ag an Stát. Tá baill shinsearacha ó eagraíochtaí ar fud na seirbhíse poiblí ar an gcoiste comhairleach, lena n-áirítear Ranna Rialtais; an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; An Garda Síochána; mo Roinn eile, an Roinn Coimirce Sóisialaí; agus an soláthraí earcaíochta, PoistPhoiblí. Tá foghrúpaí bunaithe ag an gcoiste comhairleach freisin chun ábhair shonracha a phlé agus cur chuige comhoibríoch a chinntiú maidir le réitigh ar na nithe sin. Áirítear leis seo foghrúpa earcaíochta atá deartha go sonrach leis an gcuspóir 20% i gcuimhne agus ina bhfuil oifigigh ó mo Roinn féin, ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus ó PhoistPhoiblí. Bunaíodh grúpa oibre teicniúil freisin ina bhfuil oifigigh shinsearacha ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile chun déileáil le cúrsaí teicneolaíochta a bhaineann leis an Acht. Ní gá dom a rá ach gur sprioc uaillmhianach agus fíordhúshlánach í sprioc earcaíochta na reachtaíochta seo. Dá bharr sin, seachas díriú ar an áit ina bhfuil muid faoi láthair, cuirtear béim sa phlean náisiúnta agus gníomhaíochta ar bhearta bainteach leis an sprioc earcaíochta sin a bhaint amach idir cúrsaí uasoiliúna, earcaíocht réamhghníomhach agus bearta eile a thacóidh le cultúr eagraíochtúil dearfach i dtaobh an dátheangachais a chothú. Tógann sé freisin ar an tsuim shoiléir a léiríodh tríd an taighde don phlean náisiúnta i measc oibrithe na seirbhíse poiblí a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú, chomh maith lena ndearcadh dearfach i leith na teanga go ginearálta. Mar a bhaineann sé le soláthar, aithním an luach a bhaineann le cúrsaí iomlán trí mheán na Gaeilge ag leibhéil 7 agus 8 i réimse leathan clár léinn a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Chuige sin, tá réimse cúrsaí trí Ghaeilge á maoiniú ag mo Roinn in institiúidí tríú leibhéal éagsúla faoinár dtionscnamh ardscileanna Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas. Is é taithí na Roinne óna bheith ag riar an tionscnaimh, áfach, nach roghnaíonn ach líon beag mac léinn na cúrsaí seo gach bliain. Léiríonn sé seo do mo Roinn nach iad cúrsaí lánGhaeilge i réimse leathan clár léinn an uirlis is éifeachtaí chun sprioc earcaíochta an Achta a bhaint amach mar go n-éilíonn an cuspóir seo soláthar ar scála. Is í príomhthosaíocht mo Roinn sa tréimhse amach romhainn, mar sin, a chinntiú go mbeidh deis ag cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge teagmháil a choinneáil léi agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais tríú leibhéal. Chuige sin, leagann an plean gníomhaíochta béim ar uasoiliúint agus ar inniúlacht sa Ghaeilge a choinneáil i gcomhthéacs an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach. Chuige sin, tá grúpa oibre earnála le bunú agus le tionól go luath faoin bplean chun breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil oideachais threasaigh tacú le spriocanna na hearnála poiblí a bhaint amach mar atá leagtha amach sa phlean náisiúnta agus san Acht. Díreofar tríd an bplean gníomhaíochta freisin ar fhorbairt modúl agus micreadhintiúir trí Ghaeilge go príomha a d'fhéadfaí a dhéanamh in éineacht le cúrsaí eile. Déanfar iniúchadh freisin ar na deiseanna atá ann chun tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge taobh le clár eile agus é seo á thairiscint i gcúpla ollscoil cheana féin. Is fiú a lua go bhfuil éileamh as cuimse tagtha ar chúrsaí Gaeilge don Státseirbhís tríd an bhForas Riaracháin le roinnt blianta anuas, ó 163 in earrach 2022 go gar do 600 anois in earrach 2026. Beifear ag plé go dlúth leis an bhForas Riaracháin as seo go ceann píosa mar sin chun tógáil ar an dea-obair seo. Táthar sna céimeanna deireanacha den phróiseas bainteach le hathbhreithniú neamhspleách atá déanta ar thionscnamh ardscileanna na Gaeilge mo Roinne. Is cinnte go ndéanfar breithniú ar thorthaí an athbhreithnithe sin chomh maith agus na chéad chéimeanna eile á n-aithint sa spás seo. Maidir le hacmhainní a chur ar fáil don obair seo go léir, ba chóir dom a rá gur cruthaíodh aonad gnó nua laistigh de mo Roinn nuair a achtaíodh an tAcht faoi stiúir ról nua príomhoifigigh. Le foilsiú an phlean gníomhaíochta le déanaí, tá aonad gnó nua faoi stiúir phríomhoifigigh eile bunaithe chun cur i bhfeidhm an phlean a chinntiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil trí aonad gnó faoi stiúir beirt phríomhoifigigh éagsúla ag plé le cur i bhfeidhm gnéithe éagsúla d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, rud atá de dhíth i bhfianaise na hoibre athchóirithe atá i gceist. Mar fhocal scoir, is minic atá sé ráite agam gur gá dúinn éiceachóras teanga a fhorbairt agus a chothú seachas breathnú ar bhearta aonaracha i bhfolús. Tá sé ríthábhachtach seasamh siar agus breathnú ar an áit a bhfuilimid anois le hais na háite a raibh muid deich mbliana ó shin. I gcomhthéacs na hoibre sin, gabhaim buíochas leis an Seanadóir Seán Kyne as an obair a rinne sé mar Aire Stáit sa Roinn. Deich mbliana ó shin, ní raibh plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge nó plean gníomhaíochta do na seirbhísí sin againn ach is cuid lárnach den éiceachóras teanga iad na nithe radacacha agus claochlaitheacha sin a thacaíonn lenár n-iarrachtaí úsáid na teanga a fhorbairt, go háirithe sa tseirbhís phoiblí. Is cinnte go bhfuil dúshláin ag baint leis sin, a thógfaidh píosa fada le réiteach, ach táimid ag leagan síos struchtúir, polasaithe agus reachtaíochta a sheasfaidh don 20 bliain amach romhainn agus a imreoidh tionchar dearfach ar úsáid na Gaeilge sa chóras Stáit in imeacht aimsire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25