Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Shane Curley (FF), Cultural and Educational Panel Luaigh an tAire na deacrachtaí agus na dúshláin atá romhainn maidir leis an nGaeilge, chomh maith leis an ngluaiseacht atá ann chun an Ghaeilge a bheith níos forleithne sa tír. Ag an am céanna, áfach, is tábhachtach an dea-obair atá déanta ag an Aire a aithint. Sa bhuiséad deireanach, d'éirigh leis méadú 29% a bhaint amach i mbuiséad iomlán a Roinne. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méadú €36 milliún againn i mbliana as buiséad iomlán de €159 milliún. Mar gheall air sin, má fheictear ar na figiúirí, tá €3 milliún sa bhreis ar fáil i réimse na pleanála teanga. Ag cruinniú de chuid an chomhchoiste Gaeilge cúpla mí ó shin, luaigh finnéithe ó Ghaeloideachas go raibh géarghá le méadú i mbuiséad na pleanála teanga, agus tá mé an-bhuíoch go bhfuil sé sin feicthe againn anois. Ina theannta sin, tá méadú €2 milliún i gcóir scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Tá sé sin an-dearfach. Ní hamháin sin ach tá méadú €1.5 milliún i gcomhair scéimeanna tacaíochta sa Ghaeltacht. Tá méadú tagtha freisin ar an maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na ndúshlán ar fad atá roimhe sa Ghaeltacht. In ainneoin na dearfachta sin ar fad, tá go leor dúshlán. Is léir go bhfuil dúshláin ann maidir le tithíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá géarchéim iontu. Tá go leor rudaí atá ag cur isteach ar thithíocht sa Ghaeltacht, go háirithe céatadán na dtithe atá ar fáil ar bhonn gearrthéarmach. Tá sé sin cloiste agam, go háirithe ó na Comhairleoirí Máirtín Lee agus Gerry King le déanaí. Tá cúrsaí dúshlánach dóibh sa Ghaeltacht. Mar iarmhúinteoir, tá an t-oideachas thar a bheith tábhachtach. Tá go leor dúshlán san earnáil oideachais. Aréir, ghlac mé páirt i ndíospóireacht ar TG4 inar luaigh an stiúrthóir ar an Údarás um Ard-Oideachas go mbeidh modúil ar fáil trí Ghaeilge in ionad cúrsaí iomlán Gaeilge. Tá sé luaite ag an Aire faoi chúrsaí a bheith ar fáil ag leibhéil 7 agus 8, agus cuirim fáilte roimh an ráiteas sin. In amanna, áfach, bíonn an meon san earnáil oideachais diúltach ina leith seo. Nuair a thógtar na cúrsaí atá go hiomlán trí Ghaeilge agua a bhaineann leis an nGaeilge as an áireamh, níl ach dhá chúrsa ar fáil sa tír seo. Mura ndéanann daoine cúrsa a bhfuil baint faoi leith ag an nGaeilge leis, níl ach dhá chúrsa eile ar fáil dóibh timpeall na tíre. Tá sé sin thar a bheith dáiríre. Mura ndéantar iarracht an Ghaeilge a bheith lárnach agus mura n-athraítear an meon sna heagrais éagsúla Stáit, ní éireoidh linn. Tá mé cinnte go bhfuil an uaillmhian agus tiomantas san Aire, an Teachta Calleary. Tá muinín agam as go ndéanfar an dul chun cinn sna blianta amach romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25