Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Rónán Mullen (IND), National University of Ireland Cuirim fáilte roimh an Aire agus guím gach rath air. Is duine cumasach é a bhfuil ardmheas agam air as an gcaoi a ndéanann sé a chuid oibre. Tréaslaím le mo chomhghleacaí agus cara, an Seanadóir Seán Kyne, as an dea-obair a rinne sé. Guím gach rath air agus é ag dul timpeall na Gaillimhe Thiar ag stocaireacht, idir Gaeilge agus Béarla. Go n-éirí go geal leis. Tréaslaím leis na heagraíochtaí éagsúla a ghríosaíonn chun oibre muid ar son leas na tíre, na Gaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge. Déanfaidh mé tagairt do roinnt rudaí atá á rá ag Conradh na Gaeilge, agus gabhaim buíochas leis as ucht na tacaíochta a thugann sé dúinn mar pholaiteoirí. Ar an gcéad dul síos, mar is eol don Aire, is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht le cinntiú go mairfidh sí sna blianta romhainn. Is gá maoiniú cuí agus cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun talamh agus maoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil €650,000 measta chun rannóg thithíochta a chur ar bun san údarás le comhoibriú leis na comhairlí contae, Uisce Éireann agus araile. Is gá go mbeidh an Bille um chíos gearrthéarmach agus turasóireachta, 2025 láidir le cinntiú nach mbeidh an stoc tithíochta sna ceantair Ghaeltachta ann ar mhaithe le brabús amháin ar Airbnb agus Booking.com. Caithfidh sé a bheith ar leas na bpobal teanga arbh as an nGaeltacht dóibh agus le hinmharthanacht na Gaeilge. Ba chóir don Aire tithíochta, an Teachta Browne, gníomhú láithreach chun an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú. Gealladh ar dtús treoirlínte sa réimse seo in 2021 agus tá an easpa gnímh seo ag cruthú go leor fadhbanna. Bíonn cúrsaí airgid i gcónaí lárnach. Cé go n-aithnítear an maoiniú breise a tugadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa cháinaisnéis a d’fhoilsíodh an bhliain seo chaite, ní hé sin ach 51% den mhéid a bhí á lorg ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Is féidir an easpa infheistíochta stairiúla sa réimse seo a aithint ó bunaíodh an Stát. Agus Aire sinsearach againn anois, is iontach an deis é chun maoiniú cothrom a chur ar fáil don earnáil, na ceanneagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge. Tá cúrsaí oideachais fíorthábhachtach, agus labhair an tAire féin fúthu. Tá cruachás mór sa chóras oideachais faoi láthair mar a bhaineann le húsáid, múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá córas na ndíolúintí imithe as smacht. Ní féidir é a shéanadh. Níl spriocanna intomhaiste curtha le chéile d'fhás na Gaelscolaíochta agus níl aon dea-chleachtas curtha le chéile maidir le scoileanna a aistriú Béarla go Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí, mar atá le feiscint anois le Gaelcholáiste Synge. Maidir le teagasc na Gaeilge, ní mór grúpa saineolach a chur ar bun sa Roinn oideachais a dhéanfadh ailíniú ar an gcóras oideachais le leibhéil inniúlachta teanga mar atá sa fhráma tagartha comónta Eorpach, FTCE. Tá an chéad timthriall, a mhaireann seacht mbliana, críochnaithe ag formhór na bpleananna teanga sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Níl aon chinnteacht ann maidir le todhchaí, fís, feidhm agus uaillmhian na bpleananna seo. Moltar freisin go forleathan - tuigim cás Chonradh na Gaeilge agus é á rá seo - go gcaithfear gníomhú ar na moltaí a bhí san athbhreithniú ar an gcéad deich mbliana teanga sa tuarascáil a chur Barr Feabhais le chéile, arna choimisiúnú ag Roinn na Gaeltachta, go háirithe na moltaí maidir le foireann leordhóthanach, cúiteamh cuí agus maoiniú do na pleananna. Caithfear ceannasaíocht a léiriú don phróiseas pleanála teanga nó ní bheidh aon toradh sásúil ann. Ní mór don Stát pleanáil teanga straitéisí a thosú chun an dea-chleachtas pleanála teanga sna ceantair thíreolaíochta a chur i bhfearas don Státchóras agus na Ranna Rialtais ábhartha. Chabhródh sé sin leis an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge ó 2024 go 2030. Agus muid ag labhairt faoi chúrsaí oideachais, d'éist mé leis an méid atá ráite ag an Aire maidir le sprioc 20% na Státseirbhíse. Ní éireofar leis an sprioc sin mura bhfuil an obair á dhéanamh sna coláistí agus mura bhfuil, mar a dúirt an tAire, daoine ag teacht tríd an chóras an t-am ar fad a bhfuil cúrsaí Gaeilge déanta acu agus mar sin de. Is dócha gur luaigh mé seo cheana féin ach bhí mé in Áras na Gaeilge in UCG – tugtar Ollscoil na Gaillimhe uirthi anois – seachtain nó dhó ó shín. Bhí mé ag breathnú ar phictiúir na gceannródaithe, daoine ar nós an tOllamh Mac Aodha, nach maireann, a chinntigh go raibh cúrsaí tríú leibhéal ar fad ar fáil trí Ghaeilge. Nuair a fheictear an obair a rinne daoine den sórt sin trí na blianta, feictear na dúshláin atá romhainn. Tréaslaímid leo siúd sa lá atá inniu ann atá ag cur cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. I mo chás, ní dhearna mé staidéar ar an nGaeilge mar ábhar ollscoile; rinne mé staidéar uirthi go hindíreach. Ag an am sin, bhí fear iontach cumasach ar fad, Peadar Mac an Iomaire, mar stiúrthóir na Gaeilge labhartha. Chinntigh sé go raibh deiseanna acu siúd nach raibh Gaeilge á dhéanamh acu mar ábhar ollscoile freastal ar chúrsaí ar An gCeathrú Rua in Áras Mháirtín Uí Chadhain chun snas agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ba é an coincheap a bhí laistiar de ná a chinntiú go mbeadh dochtúirí, innealtóirí agus daoine eile nach iad inniúil sa Ghaeilge le seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, ní hamháin pobal na Gaeltachta. Thuig sé sin. Ba choincheap tábhachtach é. Conas a chaomhnaítear teanga? Conas a dhéantar dul chun cinn le teanga bheo? Cinntítear go mbeidh daoine ann a bhfuil na scileanna éagsúla agus cumas sa Ghaeilge acu. Ag an am, bhí an BA á dhéanamh agam agus níor thuig mé an bhfaigheadh sé luach a chuid airgid asam. Mar a tharla sé, bhí mé ag obair amach i ndiaidh sin i bpost ina raibh gá le hurlabhra agus bhí dóthain féinmhuiníne agam, bíodh is go raibh go leor lochtanna fós ar mo chuid Gaeilge. Sin an sórt físe atá uainn an t-am ar fad, agus ba bhreá liom cur leis an iarracht sin. Go dtí go bhfuil sé le feiceáil agus le tuiscint i gach aon áit gur féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge i do thír féin, níl an sprioc bainte amach againn. Ba bhreá liom a rá freisin - rud a luaigh mé ag an gcoiste cúrsaí Eorpacha cúpla nóiméad ó shin - gur cheart dúinn a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil le linn ár nUachtaránachta ar an gComhairle Eorpach. Tuigim go bhfuil go leor daoine san Eoraip nach bhfuil Gaeilge acu, ach tá sé an-tábhachtach go gcuirfear an Uachtaránacht agus gnó na hUachtaránachta os comhair phobal na hÉireann le Gaeilge. Mar fhocal scoir, tréaslaím le hambasadóir nua na Breataine, Kara Owen. Labhair sí linn i nGaeilge aréir ag an ambasáid, agus an-suim léirithe aici sa Ghaeilge freisin. Ba chóir go ngríosódh sé sin muid chun cur leis an iarracht ní hamháin chun an Ghaeilge a choimeád beo, ach í a threisiú sa tír freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25