Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Cuirim fáilte roimh an Aire chuig an Seanad chun na ráitis seo a thógáil. Aontaím leis an Seanadóir Mullen ar dtús báire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le tithíocht sa Ghaeltacht, ach freisin le hinfheistíocht sa Ghaeltacht ó thaobh infreastruchtúir. Leis sin, cuirim fáilte roimh an infheistíocht a rinne an tAire agus a Roinn i gCé Inis Oírr. Is infreastruchtúr fíorthábhachtach é don oileán agus do thodhchaí an oileáin. Cuirim fáilte roimh an bhfógra oifigiúil maidir le tosú na hoibre tábhachtaí sin. Maidir leis an maoiniú sa bhuiséad deireanach, fáiltím roimh an infheistíocht. Thug an tAire cuairt ar Choláiste Lurgan agus is eol dúinn go léir an infheistíocht atá curtha isteach ag an Roinn sa togra sin. Tá caint le blianta ar an togra tábhachtach sin. Baineann sé le heacnamaíocht an cheantair ó thaobh mná tí agus na coláistí samhraidh, agus tá sé tábhachtach ó thaobh todhchaí na teanga freisin. Cuirim fáilte roimh sin agus an infheistíocht bhreise d'Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil ról lárnach ag an údarás maidir leis an nGaeilge agus maidir le dul chun cinn na teanga. Aontaím leis an Aire go bhfuil an sprioc earcaíochta - an 20% - atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 uaillmhianach agus fíordúshlánach. Tá sé tábhachtach go mbeadh sprioc ann, agus go mbeimid in ann labhairt le daoine trasna na tíre agus a rá go bhfuil na deiseanna anseo agus go bhfuil an sprioc seo ann. Táimid ag déanamh na hinfheistíochta agus táimid ar son an chéatadáin seo ó thaobh na hearcaíochta. Leis sin, cuirim fáilte roimh na figiúirí a luaigh an tAire, a thaispeánann go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na figiúirí éilimh do chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís ó 163 in earrach 2022 go dtí 600 anois in earrach 2026. Is léir ón gcéatadán sin go mbeidh deiseanna ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus daoine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim síos an bóthar. Beidh daoine laistigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht sna Gaelcholáistí ag breathnú ar na rudaí seo agus ag rá leo féin go bhfuil deiseanna fostaíochtan trí Ghaeilge sa Státseirbhís agus san Eoraip. Tá sé sin fíorthábhachtach. Is í an tithíocht an t-ábhar is práinní trasna gach uile áit sa tír, agus sa Ghaeltacht freisin. Tá a fhios agam go bhfuil coimhlint ann anois maidir leis na Airbnbs. Tá feachtas láidir ar bun faoi sin. Ag an am céanna, is le daoine áitiúla an chuid is mó de na tithe seo, agus tá siad ag déanamh cúpla punt. Tá an choimhlint sin ann. Seachas an milleán a chur ar aon duine a bhfuil Airbnb aige, ba cheart go mbeimid, agus táimid, ag cur na hinfheistíochta agus airgead caipitil ar fáil chun tithe a thógáil i ngach uile áit sa tír, ina measc na Gaeltachtaí. I nGaeltacht Chonamara, mar shampla, tá scéim séarachais sa Spidéal ach, seachas sin, níl a leithéid sna háiteanna eile. Tá a lán fáthanna nach bhfuil dul chun cinn ag cuid acu. Baineann cuid acu le cúrsaí pleanála, mar shampla i gCloch na Rón. Bhí fadhb le tamall fada ar An gCeathrú Rua maidir leis an suíomh agus bhí orthu tosú arís ar shuíomh eile a ainmniú agus dul tríd an bpróiseas sin. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas, agus cuirim fáilte roimhe, go mbeidh na comhairlí contae agus conraitheoirí príobháideacha in ann scéimeanna tithe a thógáil le scéimeanna séarachais sealadacha agus nach gá fanacht do scéim mhór. Tá sé sin tábhachtach chun deis a thabhairt don chomhairle contae agus do na conraitheoirí príobháideacha tithe a thógáil. Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh, mar atá ráite sa Teach roimhe seo, in áiteanna cosúil leis An Tulach, ina bhfuil TG4. Tá a lán rudaí thart ar an áit sin - TG4, Cúla4, Fíbín, scoil, séipéal, tithe, agus eastát leis an údarás freisin - agus ba cheart go mbeadh scéim séarachais ar fáil ionas go mbeifear in ann tithe a thógáil sa cheantar beag sin. Déanfadh sé sin ciall ar mhaithe le tithe sóisialta agus tithe ar phraghas réasúnta freisin. Tá a fhios agam go bhfuil sé leagtha amach i bplean an Rialtais go mbeadh ról ag an údarás ó thaobh tithíochta de. Cé go bhfuil an-suim sa mholadh seo, níl an t-údarás i bhfabhar go mbeadh ról aige tithe a thógáil gan comhoibriú leis na comhairlí contae. Tá sé ráite ag na comhairlí contae ar an lámh eile nach bhfuil a lán de na scéimeanna séarachais atá ag an údarás feiliúnach chun tithe a thógáil ag úsáid an infreastruchtúir sin. Tá sé tábhachtach - i nGaillimh, mar shampla, agus in áiteanna eile freisin - go mbeadh an comhoibriú sin leis an gcomhairle contae, leis an údarás agus le hUisce Éireann. Ba cheart go mbeimid in ann a rá ag deireadh an Rialtais seo go bhfuil dul chun cinn déanta againn sa chomhthéacs seo agus go bhfuil méid áirithe tithe tógtha i gConamara, Maigh Eo, Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh agus áiteanna eile mar gheall ar an gcomhoibriú atá luaite agam. Caithfear talamh a ainmniú agus a cheannach, nó talamh ón údarás a úsáid, cead pleanála a fháil agus na tithe a thógáil, go mórmhór tar éis an chinnidh go mbeifear in ann scéimeanna séarachas sealadacha a úsáid. Más féidir leis an Aire leanúint ar aghaidh le rud éigin mar sin, sílim go ndéanfaidh sé an-difríocht. Tá sé ceart go leor a bheith ag caint faoi, ach caithfimid é seo a dhéanamh ar son na Gaeltachta. Is é sin an rud tábhachtach. Tá fostaíocht fíorthábhachtach don Ghaeltacht. Tá a fhios agam go bhfuil ról ar leith ag an údarás agus go bhfuil na figiúirí is déanaí atá foilsithe go maith. Caithfimid é sin a rá. Is mian liom ábhar amháin eile a lua. B'fhéidir go bhfuil fadhbanna i Maigh Eo freisin maidir le bainteoirí feamainne agus ceadúnas feamainne, ach níl aon dabht ach gur cheist fhíorthábhachtach í i gConamara faoi láthair. Tá faitíos ar mhuintir Chonamara maidir leis na hiarratais atá déanta ag Arramara Teoranta, seanchomhlacht an údaráis atá ina chomhlacht príobháideach anois, le haghaidh ceadúnais fheamainne thart ar chladaigh Chonamara. Tá cearta ag daoine áitiúla feamainn a bhaint. Tá cearta ag cuid acu atá leagtha síos sna folios agus rudaí mar sin. I gcásanna eile, b'fhéidir nach bhfuil na cearta sin leagtha síos go dlíthiúil, ach tá siad ann. Nuair a bhí an t-iarAire, Damien English, sa Roinn talmhaíochta agus Roinn an rialtais áitiúil, fuair sé aighneacht ón Ard-Aighne faoi seo. Dúirt an tArd-Aighne go bhfuil cearta ann, cé go bhféadfaí nach cearta oifigiúla iad, a chaithfear a chur san áireamh. Tá a fhios againn go bhfuil an grúpa sin, the Maritime Area Regulatory Authority, MARA, anois i gceannas ar na rudaí seo. Tá sé tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir Chonamara. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ar an eolas faoin ábhar seo. Tá sé tábhachtach i gConamara agus trasna an chósta Ghaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25