Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Pauline Tully (SF), Cultural and Educational Panel Agus Seachtain na Gaeltachta ag teacht suas, ba mhaith liom aird a tharraingt ar roinnt ábhair náisiúnta agus áitiúla. Is é an chéad cheann ná tithíocht sa Ghaeltacht. Is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht lena chinntiú go mbeidh Gaeltacht ann sna blianta romhainn. Tá Sinn Féin ag rá le fada go bhfuil gá ann níos mó airgid agus cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar aon leis sin, ceapaim féin go bhfuil deis againn anois smaoineamh ar thithíocht Ghaeilge a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I mo chontae féin, Contae an Chabháin, tá aithne agam ar na scórtha teaghlach agus na céadta daoine gur breá leo ceantar agus pobal úr Gaeltachta a chur ar bun i mBaile an Chabháin nó i Muinchille. Cuireann Sinn Féin agus mé féin fáilte roimh an maoiniú méadaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhuiséad, ach ní leor é agus tá a fhios ag an Rialtas nach leor é. Is trua freisin go raibh ar phobal na Gaeltachta a bheith ag troid go dian ar feadh na mblianta chun an t-ardú beag seo a bhaint amach. Tá an earnáil Gaeilge go mór thíos leis go stairiúil. Is iad na grúpaí ar an talamh atá ag déanamh na hoibre ar son na Gaeilge. Is gá dóibh gach tacaíocht a fháil. I mo chontae féin, tá obair iontach ar siúl go deonach ag grúpaí pobail. Mar shampla, tá grúpa nua curtha ar bun, Gaelphobal an Chabháin. Bhí lainseáil mhór aige an tseachtain seo, roimh Sheachtain na Gaeilge. Tá suim mhór sa Ghaeilge i gContae an Chabháin. Tá daoine ag iarraidh an seans an Ghaeilge a labhairt. Tá grúpaí pobail ag iarraidh cuidiú leis an bpobal seo ach tá siad go mór thíos leis ó thaobh airgid. Maidir le hoideachas, tá cruachás mór sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de. Is cuma leis an Roinn agus leis an Rialtas seo faoi fhás sa chóras Gaelscolaíochta. Mar shampla, i gContae an Chabháin, níl ach bunscoil lánGhaeilge amháin againn. Tá grúpaí agus tuismitheoirí ag iarraidh an dara Gaelscoil a bhunú. Tá ár gcomhairleoirí Shinn Féin sa Chabháin ag troid go mór ar a shon seo ach tá an Roinn ag rá leo nach bhfuil cead nó dóchas mar gheall ar dhéimeagrafaic. Ba cheart go mbeadh seans ag gach duine i gContae an Chabháin freastal ar Ghaelscoil. Déanaim comhghairdeas agus gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge agus le gach grúpa ar an talamh atá ag déanamh obair iontach le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Táim ag súil go mór le freastal ar go leor imeachtaí Gaeilge sa Chabháin i mí an Mhárta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25