Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Nessa Cosgrove (LAB), Labour Panel Cuirim fáilte roimh an Aire. Roinnfidh mé mo chuid ama leis an Seanadóir Noonan. Nuair a bhí mé ag smaoineamh aréir ar cad a déarfainn inniu, tháinig seanmhothúcháin orm, náire agus eagla. Bhí imní orm nach bhfuil mo chuid Gaeilge maith go leor lena bheith ag labhairt anseo inniu. Is dócha nach bhfuilim i m'aonar. Thug m'athair, Seán Ó Ceallacháin, grá mór dár dteanga dhúchais dom. Is mór an trua nach labhraíonn níos mó daoine ár dteanga álainn ó lá go lá agus ó dhubh go dubh. I ndáiríre, tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine cosúil liomsa. Ní as an nGaeltacht muid agus ní dheachamar go dtí Gaelscoil ach tá grá mór againn dár dteanga álainn agus suim mhór againn inti. Mar sin, ar an 19 Márta san audiovisual room, beidh mé féin, mo chomrádaí Councillor Fiona Connelly agus triúr cainteoir eile ag plé bealaí simplí chun an Ghaeilge a úsáid inár saol laethúil. Ba bhreá liom an tAire a fheiceáil ann. Tabharfaidh mé cuireadh do gach duine san Oireachtas. Tá ár gcaidreamh leis an nGaeilge dhifriúil anois. Féach ar an obair iontach atá ar siúl anois ar social media agus ar na podcasts a dhéanann daoine agus grúpaí, mar shampla, "How to Gael", Irish with Mollie agus Gaeilgeoir Guides. Tá daoine ag caint Gaeilge bhriste agus flúirse na Gaeilge. Caithfimid moladh a thabhairt do na daoine a labhraíonn Gaeilge. Ná bac leis an puritanism. Tóg go bog é le daoine cosúil liomsa. Ar nóta eile, bhí mé ag caint le John Prendergast agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge inné. Mar sin, táim chun caint anois faoi cheithre cheist thábhachtacha. Tá a fhios agam gur labhair Seanadóirí eile faoin méid seo freisin. Is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht lena chinntiú go mbeidh aon Ghaeltacht ann sna blianta romhainn. Is gá rannóg tithíochta a chur ar bun in Údarás na Gaeltachta le comhoibriú a dhéanamh leis na comhairlí contae agus Uisce Éireann. Beidh airgead de thimpeall €650,000 agus leasú ar Bhille Údarás na Gaeltachta ag teastáil chuige sin. Caithfidh an Bille um short-term rental and tourism, 2025 a bheith láidir i gcoinne cíosa ghearrthéarmach. Ní mór don Aire tithíochta an ráiteas náisiúnta pleanála tithíochta don Ghaeltacht a fhoilsiú anois díreach. Gealladh ar dtús treoirlínte mar seo in 2021. Tá an easpa gnímh seo ag cruthú fadhbanna. Tá a fhios agam gur chuala an tAire an méid sin uile roimhe ach bear with me. Tóg go bog é liom. Ar an dara hábhar, tugadh maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad na bliana seo caite ach ba 51% den infheistíocht a bhí á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta é sin. Caithfidh an tAire maoiniú cothrom a chur ar fáil to the Irish-language lead organisations ar nós Fhoras na Gaeilge. Is é an t-oideachas an tríú hábhar. Tá cruachás mór sa chóras oideachais maidir le maoiniú na Gaeilge. Tá a fhios agam é sin óna bheith ag obair i scoil. Tá na exceptions as smacht. Níl spriocanna ann do mhéadú na Gaelscolaíochta agus níl aon phlean ceart curtha le chéile maidir le scoileanna a aistriú ó scoileanna Béarla go Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Maidir le múineadh na Gaeilge, ní mór grúpa saineolach a chur ar bun sa Roinn oideachais a dhéanfadh ailíniú ar ar an gcóras oideachais in Éirinn le leibhéil inniúlachta teanga an common European framework of reference. Is é an rud deireanach ná pleanáil teanga. Seacht mbliana níos déanaí, tá formhór na bpleananna teanga Gaeltachta críochnaithe. Níl aon chinnteacht ann maidir le todhchaí, fís, feidhm ná uaillmhian na bpleananna seo. Caithfear na moltaí a bhí san athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga sa tuarascáil a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta ó Bharr Feabhais a chur i gcrích, go háirithe na moltaí maidir le hacmhainní daonna, pá agus maoiniú do na pleananna. Caithfear pleanáil teanga a dhéanamh ar bhonn an Stáit go léir, an Státchóras, na Ranna Rialtais agus gach áit eile san áireamh. Chabhródh sé seo leis an national plan for Irish-language services don tréimhse ó 2024 go 2030 chomh maith. Gaeilge is part of who we are. Fiú muna bhfuil tú líofa nó má tá tú ag foghlaim nó ag feabhsú do Ghaeilge, caithfear í a úsáid. Ní féidir lenár dteanga iontach bás a fháil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25