Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Malcolm Noonan (GP), Agricultural Panel Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá an Ghaeilge ag dul trí chineál athbheochana faoi láthair. Tá níos mó daoine ag foghlaim na teanga anois ná mar a bhí ag aon am riamh. Tá sé seo tábhachtach ní hamháin chun an cultúr a cheiliúradh, ach ionas go mairfidh an teanga féin. Athraíonn an ceol agus an cultúr go tapa; mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go n-úsáidimid an deis seo chun cabhrú lenár dteanga ní hamháin maireachtáil, ach fás. D'fhoghlaim mé an Ghaeilge ag am nuair nach raibh fíordheis ann í a labhairt sa scoil nó i gciorcail shóisialta. Ba chóir dom féin a bheith ag déanamh níos mó anois chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid gach lá. B’fhéidir gur cheart dom inspioráid agus treoir a fháil ón bhfile Cathal Ó Searcaigh, a dúirt ina dhán "Fiacha an tSolais": Ach an té a dhéanann faillí i bhfiacha an tsolais nach follas go ndorchaíonn sé é féin d'aon turas. Is féidir an Béarla seo a chur air sin: But he who neglects the duties of light does he not see that he deliberately darkens himself. Tá muid buíoch go bhfuil ár bpáistí ag fáil oideachais go hiomlán trí mheán na Gaeilge anois i nGaelscoil Osraí agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh. Cé go bhfuil líon láidir daltaí sa bhunscoil, tá fadhb mhór againn leis an meánscoil. Táimid ag fanacht le scoil nua le breis is seacht mbliana anois ach ní raibh an scoil ar an liosta i mbliana, rud atá ina ábhar mór díomá do scoláirí agus tuismitheoirí araon. This has not stopped the school from delivering a wonderful programme across all years or providing a rounded and full education to our students. We need a new school building to grow numbers and provide a full range of facilities. Ar fud na hÉireann, tá dúshláin romhainn meánscoileanna a chur ar fáil do dhaltaí chun a gcuid staidéir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is saincheist í seo a gcaithfidh an Rialtas aghaidh a thabhairt uirthi. Teastaíonn níos mó éagsúlachta uainn inár mbunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge araon. Ní mór dúinn níos mó teaghlach ó chúlraí éagsúla a spreagadh chun oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú. Tá muid buíoch d’eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge as a gcuid oibre chun an teanga a choinneáil beo. Caithfidh an Rialtas níos mó infheistíochta a sholáthar agus breathnú ar thíortha eile, ar nós na Breataine Bige, áit a bhfuil an Bhreatnais láidir. Maidir liom féin, déanfaidh mé iarracht an Ghaeilge a úsáid níos mó i mo chuid oibre sa Seanad. Tá neart cabhrach agam sa bhaile le Kitty, Stiofán agus Tristan, a fheidhmíonn mar aistritheoirí neamhoifigiúla dom. As parents of Irish-language educated children who are of an age where we were not served well by the Irish-language education we received, we were disappointed with the strategy for Irish-language education in English-medium schools. We are disappointed that funding for Irish has not moved in the direction we would like it to, similar to the direction in Wales. Iarraim ar an Aire breathnú ar cháinaisnéis na bliana seo chugainn agus troid ní hamháin ar son níos mó maoinithe, ach ar son ár dteanga choiteann le athchóiriú buan a bhaint amach. Gabhaim buíochas agus maithigí dom mo chuid Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25