Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Evanne Ní Chuilinn (FG), Nominated by the Taoiseach Tá fáilte roimh an Aire. Nach iontach an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ar bun againn go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Cuirim fáilte roimhe sin. Tá Gaeilge an Seanadóra Noonan go breá ar fad agus ba chóir dó leanúint ar aghaidh á húsáid. Aontaím leis go bhfuil athbheochan ar bun faoi láthair leis an nGaeilge, agus is iontach an rud é sin. Tá sé sin le feiscint i bhfianaise an chlú agus cáile atá ar an scannán "An Cailín Ciúin", an podchraoladh "How to Gael" agus fiú an grúpa ceoil Kneecap. Cé cur ceart dúinn na rudaí seo a cheiliúradh – tá siad á gceiliúradh againn – tapóidh mé an deis seo béim a chur ar an méid is cóir dúinn a dhéanamh chun tacú leis an athbheochan sin sna blianta beaga atá amach romhainn. Ar an gcéad síos, labhróidh mé faoin chóras oideachais. Tá sé seo luaite ag roinnt mhaith Seanadóirí tráthnóna. Is tábhachtach é a lua agus Seachtain na Gaeilge ar na bacáin. Cé go bhfuil suim agus éileamh ar Ghaelscoileanna ar fud na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht, níl againn ach 45 Gaelcholáiste, chomh maith le beagnach 20 aonad. Tá 153 Gaelscoil ann faoi láthair, rud a chiallaíonn nach bhfuil a dhóthain scoileanna againn chun an deis a thabhairt do dhaoine óga leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil Osraí. Is cuimhin liom muintir Chill Chainnigh ag fanacht leis an nGaelcholáiste sin agus tá siad fós ag fanacht. Luaigh an Seanadóir Mullen Gaelcholáiste Synge. Faraor, níl ach beirt cláraithe i gcomhair an Ghaelcholáiste sin do Mheán Fómhair 2026 toisc nach bhfuil plean ann. Luaigh mé an easpa plean seo sa Seanad bliain ó shin. Tá sé Ghaelscoil sa cheantar sin agus teastaíonn ó thuismitheoirí a gcuid páistí a chur go Gaelcholáiste, ach níl aon rud feicthe acu mar gheall ar an bplean, foirgneamh, múinteoirí agus mar sin de. Níl sé feicthe ag na múinteoirí, na tuismitheoirí nó an príomhoide atá ann anois, nach raibh ann bliain ó shin. Nuair a bhí plé ag comhchoiste na Gaeilge leis an Údarás um Ard-Oideachas le déanaí – bhí an Seanadóir Curley i láthair chomh maith - dúradh linn nach bhfuil ach dhá chúrsa tríú leibhéal ar fáil ar an oileán nach bhfuil bainteach leis an teanga, oideachas nó an t-aistriúchán. Luaigh an Seanadóir Curley é seo freisin. D’fhreastail mé ar cheann de na cúrsaí sin in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus tá ceann eile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhaineann le cúrsaí gnó. Ba é an t-ainm a bhíodh air ná Fiontar. Bíonn sé fós ag déileáil le cúrsaí gnó. Níl aon chúrsa a bhaineann le haltranas, innealtóireacht, pleanáil nó rudaí eile. Níl ann ach na cinn a bhaineann leis an nGaeilge, nó leis an nGaeilge i dteannta leis an ngnó, le hiriseoireacht nó le cúrsaí cumarsáide. Conas is féidir linn an plean agus na poist sin ar fad a líonadh san earnáil phoiblí faoi 2030? Mar is eol dúinn, beidh sé riachtanach faoin bhliain sin go mbeidh 20% don lucht oibre san earnáil phoiblí in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Ní mór dúinn díriú isteach go mór ar an bhfírinne sin idir seo agus 2030. Admhaím go bhfuil ar na coláistí déileáil leis an éileamh, ach gan a dhóthain Gaelcholáistí ní bheidh na daltaí ann ag an tríú leibhéal. Gan daltaí tríú leibhéal, beidh sé iomlán dodhéanta an sprioc sin san earnáil phoiblí a shroicheadh faoi 2030. Tá ar na n-institiúidí féachaint ar an éileamh atá ag teacht anuas ón Stát do na poist sin, ní hamháin an t-éileamh ó dhaltaí dara leibhéal, mar shampla. Is é an dara rud is mian liom a lua, agus Seachtain na Gaeilge ag teacht, ná an sárobair a dhéanann Raidió Rí-Rá ar son na teanga agus ar son Gaeilgeoirí óga. Is cairtstáisiún ceoil Ghaeilge é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh ar ardáin éagsúla, le tréimhsí ar FM agus DAB san áireamh, go leanúnach agus gan stad ó 2008 ar aghaidh. Tá sé mar mhisean ag an stáisiún freastal ar mhianta daoine óga, go háirithe a gcuid mianta raidió ó thaobh ceoil, cainte agus craice de, agus earnáil ceoil comhaimseartha Gaeilge a thógáil timpeall air sin. Tá an stáisiún dírithe ar an aoisghrúpa idir cúig is 35. Bheadh Raidió Rí-Rá in ann craoladh go lánaimseartha maidin amárach. Tá sé ar DAB i gCúige Laighean go lánaimseartha faoi láthair agus tá sé ar aipeanna freisin. Beidh sé ag craoladh ar FM i Mí an Mhárta chomh maith le linn Sheachtain na Gaeilge, mar a dhéanann sé gach bliain, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh. Faoi láthair, tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag an stáisiún agus tá foireann de thart ar 30 duine ag feidhmiú ar bhonn páirtaimseartha. Faigheann sé deontas, mar is eol don Aire, ar luach €228,704 sa bhliain é ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá sé sin ar eolas ag an Aire. Is cosúil go bhfuil plé ar bun go mbeadh stáisiún FM don aos óg trí mheán na Gaeilge ar fáil, ach ní gá seirbhís nua a bhunú agus go leor airgid a chaitheamh nuair atá Raidió Rí-Rá, an cairtstáisiún raidió Gaeilge don aos óg, ar bun ó 2008 ar aghaidh le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta. Impím ar an Aire é seo a phlé leis an Aire cumarsáide, an Teachta O’Donovan, agus Coimisiún na Meán chun deis a thabhairt do Raidió Rí-Rá cur isteach ar cheadúnas náisiúnta lánaimseartha ar FM. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25