Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Gerard P. Craughwell (IND), Labour Panel Níl ach trí nóiméad agam. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as sin. Nuair a bhí mé i mo shuí tráthnóna ag éisteacht leis na Seanadóirí, rith sé liom gur teanga mhaith álainn í an Ghaeilge. Tá mo chuid Gaeilge féin uafásach. Is pleidhce mór mé as a bheith anseo ag labhairt Gaeilge. Deir sé ar an suaitheantas atá á chaitheamh agam go bhfuil cúpla focal agam, agus is é sin an méid a bhfuil agam. Nuair a bhí mé níos óige agus ag freastal ar scoil i nGaillimh 60 bliain ó shín, bhí an fháinne agam agus bhí mé i mo Ghaeilgeoir iontach maith ar fad. Nuair a bhí mé mar chuid den Chéad Chathlán i nDún Uí Mhaoilíosa, bhí Gaeilge mhaith agam. Cúpla mí ó shín, agus mé ar mo bhealach abhaile, bhí mé ag smaoineamh ar an teanga. Rith sé liom go mb'fhéidir go bhfuil an teanga ag fáil bháis. Smaoinigh mé go gcaithfeadh mé rud a dhéanamh to bring back an Ghaeilge. Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge ó shin i leith. Tá mé anseo inniu de bharr an ghrá mhóir atá agam don teanga. Caithfidh muid oibriú le chéile chun an teanga a neartú trasna na tíre. Sin an méid atá agam anocht. Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá a Ghaeilge féin go hálainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25