Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Garret Kelleher (FG), Industrial and Commercial Panel Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Calleary, as ucht teacht isteach go dtí an Seanad anocht chun éisteacht agus labhairt linn. Ar an gcéad dul síos, aontaím leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí sa díospóireacht go dtí seo, an méid atá ráite ag na Seanadóirí Curley, Mullen agus Kyne ach go háirithe, mar gheall ar an gá atá ann díriú isteach ar an obair atá le déanamh ag an Rialtas agus againn mar pholaiteoirí le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na comhairleoirí contae go léir do na contaetha ina mbíonn Gaeltacht nó Gaeltachtaí ann chun dóthain tithíochta a thógáil do chainteoirí Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta agus an teanga a fhorbairt sna háiteanna ina mbíonn sí á húsáid mar ghnáth teanga cumarsáide laethúil. Bhíos thuas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an-bhéim á cur ar sin ag na daoine lena rabhthas ag caint leo, agus an ghéarghá déileáil leis sin. Ó thaobh chúrsaí oideachais de, is iontach an rud é a bheith in ann a rá go bhfuil feabhas mór tar éis teacht ar mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna ar fud na tíre le blianta anuas, go háirithe ón am a bhíos féin sa mheánscoil sna nóchaidí. Is maith an rud é go bhfuil tuilleadh béime á cur ar an nGaeilge labhartha inár scoileanna sa lá atá inniu ann, seachas an iomarca béime a chur an litríocht agus ar an bhfilíocht nuair nach mbíonn caighdeán ard a dhóthain bainte amach ag daltaí agus iad ag labhairt na teanga. Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar dhíolúintí, ait ina gcaithfimid tuilleadh oibre a dhéanamh. Tá díolúintí ó staidéar na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna tar éis leibhéal nua is airde riamh a bhaint amach. Tá líon na ndíolúintí beagnach tar éis dúbailt le seacht mbliana anuas, agus de réir figiúirí do 2025, tá breis is 60,000 dalta - thart ar 14% de dhaonra na n-iarbhunscoileanna - díolmhaithe anois. Is gá dúinn féachaint ar sin agus iarracht a dhéanamh smacht a choimeád ar líon na ndíolúintí ar fad, agus gan bheith ag brath ar na príomhoidí, múinteoirí agus na foirne bainistíochta sna scoileanna chun na cinntí mar gheall ar dhíolúintí a dhéanamh. Caithfimid tacaíocht níos láidre a thabhairt dár scoileanna leanúint ar aghaidh leis an tsárobair atá á déanamh acu chun todhchaí na Gaeilge a chosaint agus seans níos fearr a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh chun an Ghaeilge a fhorbairt. Tugaim ardmholadh do na Seanadóirí ar fad as ucht an díospóireacht a dhéanamh, go háirithe an Seanadóir Craughwell. Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a dúirt sé féin. B’iontach an rud é a bheith ag éisteacht leis as Gaeilge sa Seomra seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25